top of page

Eolas

Is píoba mála iad píoba uilleann a shéidtear le bolg. Ní uirlis béalséidte í, mar atá amhlaidh le píoba mála eile, nó séidtear í le bolg aeir atá ceangailte le crios timpeall na coime agus ar an uillinn. Uaidh seo a thagann an téarma píb uilleann. Bhíodh ainmneacha éagsúla ar na píoba seo lá dá raibh. Bheirtí píb aontais nó union pipes, sin nó píb Ghaelach orgáin nó Irish organ pipes ar an uirlis sa naoú haois déag. Tá na píoba á seinm sa chruth ina bhfuil siad faoi láthair ó 1760 i leith agus forbraíodh an uirlis ó chineálacha ní ba shine de phíoba mála Gaelacha agus ó phíoba mála ó thíortha eile. Tá gnéithe éagsúla ar leith sa phíb uilleann a dhéanann an uirlis éagsúil ó phíoba mála eile.

 

Ar an chéad dul síos, cionn is nach béalséidte í an phíb uilleann, is féidir úsáid a bhaint as giolcacha tirime fadsaolacha, a dhéantar go mionchúiseach. Is féidir leis na giolcacha seo an dara ochtach iomlán a shéideadh. Idir seo agus na heochracha sprionglódáilte feistithe ar an seamsúr, is mó an réimse nótaí atá ag píb uilleann ná píb mhála de chineál ar bith eile.

Is ina shuí a sheinneann píobaire uilleann agus bun an tseamsúir ar a ghlúin. Mar sin thig leis an phíobaire seinm i stíl staccato nó legato. Tá trí dhos ann agus ochtach idir gach ceann acu agus is féidir iad seo a chur ag dul nó a stopadh, ag brath ar an phíosa ceoil atá i gceist nó ar rogha an phíobaire, go díreach. Tá cuid ceol píbe fóirsteanach do thionlacan chomhcheol na ndos ach is fearr píosaí eile a bhualadh le níos mó de mhothú go binn beacht ar an tseamsúir amháin. Gné uathúil eile de chuid na huirlise seo is ea trí phíob bhreise os cionn na ndos. Tugtar rialtáin orthu seo, agus tá said feistithe le heochracha sprionglódáilte nach ndéanann nóta go mbrúitear caol na láimhe orthu nuair atá an seamsúr á sheinm. Déanann na rialtáin comhcheol leis na dois agus leis an tseamsúr. Cruthaíonn na rialtáin comhcheol le ceol an tseamsúir agus dosdord na ndos agus is féidir iad a úsáid mar thionlacan cordach agus rithimeach. 

Tá a lán stíleanna éagsúla seinnte agus féidearthachtaí ceoil ag baint leis an phíb uilleann. Is iomaí cineál píbe mála dúchasacha fud fad na hEorpa agus na hÁise ach is dócha gurb í píb mhór Gharbhchríocha na hAlban, nó an phíob mhór (mar a thugtar uirthi in Éirinn) an phíb mhála is aitheanta. Tá iomrá leitheadach chomh maith ar an gaita, píb mhála de chuid na Gailíse, agus an musette ón Fhrainc. Tá difear mór idir na píoba seo agus an phíb uilleann. Mar shampla ní bhíonn píb uilleann níos láidre ná fuaim na fidle. De bharr seo is féidir le duine na píobaí seo a sheinm le huirlisí eile gan forlamhú a dhéanamh ar sheinm na n-uirlisí eile, mar shampla, an giotár, feadóg mhór, nó an fhidil. Rud eile de tá níos lú srianta ar phíb uilleann ó thaobh modhanna múinteoireachta leagtha síos agus cur chuige amháin nó maisiúcháin caighdeánach. Ní bhíonn cuid mhór píobairí ag brath ar cheol scríofa ar chor ar bith. Tá píobaire phíb uilleann saor le tarraingt ar stíleanna éagsúla - ó stíl theann staccato (mar atá ag a leithéid Tommy Reck, nó Pat Mitchell) go dtí stíl oscailte thaibhseach (mar stíl phíobaire de chuid an lucht siúil, Johnny Doran). Sin agus na stíleanna uilig a thiteann idir eatarthu. Bíodh is go bhfuil maisiúcháin in úsáid go coitianta as a thugann an fhuaim ar leith don phíb uilleann, tá saoirse leathan ag an phíobaire aonarach a leaganacha féin uathúla a chruthú de cheol traidisiúnta.

 

 

Ba é tónas binn meallacach na píbe a chuir an uirlis i lár an aonaigh i gcuid mhór buíonta ceoil Ghaelaigh, ceol d'amharclann agus scannáin agus taispeántas cultúrtha Gaelaigh eile.

 

Fágtar an tsuim leanúnach sa phíb uilleann ar bhorradh suime a thosaigh thiar ins na seachtóidí nuair a tháinig sarghrúpaí Gaelacha mar Planxty, The Chieftains agus The Bothy Band ar an tsaol. Ba mhór ag grúpaí eile fuaim na píbe mar Moving Hearts, Davy Spillane, Cran, Lúnasa, At First Light chomh maith. Cé go bhfeictear píb uilleann mar uirlis mhór thraidisiúnta, baintear úsáid aisti taobh amuigh de shaol cheol Gaelach (idir Éireannach agus Albanach) agus is iomaí taifeadadh a bhí déanta ag a leithéid de: Indigo Girls, Kate Bush, Tracy Chapman, Mark Knopfler agus mórán eile nach iad. Baineadh úsáid as ceol binn na píbe fosta i scannáin mar Titanic, Brave Heart, Master and Commander, Road to Perdition agus liosta fada eile

Eolas

Ábhar

 

Adhmad:  Éabann na hAfraice, Éabann na hÁise Thoir-Theas, Crann bosca na hEorpa, Labarnum

 

Miotalóireacht:  Prás

 

Tá prás in úsáid (mar ábhar traidisiúnta) do na gréasa, barrghréasa agus na snoing ón aimsir is faide siar agus foireann sé go maith d'éabann, do chrann bocsa agus do labarnum. Tá barrghréasa/snoig ar fáil le prás nicilphlátáilte chomh maith ach tá costas breise agus am breise ar an liosta feithimh i gceist. 

Próiseas Déantúsaíochta Píbe

 

San am atá i láthair, tá mé ag déanamh píob in airde ceolchoirme  D (440 hertz) , D cró cúng agus C cró cúng airde maol. Maidir le déantúsaíocht na seamsúr, na rialtán agus na ndos, tolltar an t-adhmad, rédheiltear agus fágtha ar leataobh iad go ceann roinnt míonna roimh an chéad phointe eile - tolladh amach na poill tónais agus an chéad réamadh.  Fágtar arís an t-adhmad go ceann seala sula ndéantar an réamadh agus an deileadh críochnaitheach. Déanann an próiseas fadálach seo cinnte más rud é go dtig athrú beag ar bith ar an adhmad de bharr cruptha nó scólta - go dtig leis seo tarlú agus go ndéanfar ceartú air sa mheaisíniú críochnaitheach. Sa dóigh seo cinntítear go mbíonn uirlis de ardchaighdeán ann ag an deireadh. 

 

Giolcacha

 

is minic a bhíonn giolcacha cána íogair de bharr athruithe teochta agus bogthaise. Déanaim giolcacha as cána Spáinneach (Arondo Donax) a gheibhtear a líneáiltear le ceobhrán seileaic - rud a chuidíonn le cobhsú an ghiolcaí in ainneoin thionchar na bogthaise go háirithe. Is féidir giolcacha na ndos a dhéanamh as cána nó ábhar sintéiseach. Bainim úsáid as an dá ábhar.   

 

Gnéithe an Dearaidh

 

Tá dearadh uathúil ornáideach ar leith ag gach sraith phíbe a dhéantar. Thángthas an dearadh coitinn seo as taithí 's agam ag déanamh píob le 20 bliain anuas. Neamhchosúil le seamsúir uile chomhaimseartha a bhfuil cró leathan acu, tá fad iomlán na seamsúr d'airde ceolchoirme D seo giota níos faide ná na cinn a dhéanann daoine eile agus chomh maith leis sin is cosúla an dearadh sin ná seamsúir aeistéitiúla ealaíonta luathdhéanta de chró chúng. Deiltear na seamsúir seo sa dóigh go dtig leo glacadh le feistiú ceithre eochair, is é sin C,F, Bb agus G# (ar sheamsúr airde ceolchoirme D). Is sa stíl thraidisiúnta atá na heochracha seo feistithe ar bhlocanna. Tá barr an tseamsúir déanta as éabann le píobán soláthar aeir lastuas in úsáid, "géphíobach", mar pháirt chaighdeánach - ach amháin má iarrtar rogha eile orm. Tá an tsainghné seo ann mar iasacht ó bhunphíb an ochtú aois déag. Dar liom go bhfuil sé seo amharcach agus d'fhéadfadh sé cuidiú a thabhairt leis an cúlnóta D a chobhsú ar sheamsúir airde ceolchoirme D. Tá stoc na ndos is na rialtán déanta le cróite leathana le cinntiú nach mbaineann teangacha na ngiolcach d'adhmad an stoic. Tá stoic dos cabhach ar fáil anois, gné dearaidh a gheibh siúrsán ar leith do na dois, sin agus mothú níos éadroime don Phíb.  Tá crann bosca Eorpach agus cuileann in úsáid do na barrghréasa.  Tá an mála agus an bolg déanta as leathar d'ardchaighdeán seachas ábhar saorga atá in úsáid ag cuid déantóirí eile. Tá leathar an bhoilg séalaithe go daingean le linn an phróisis déanaimh agus tá na málaí seamaithe nó malaí fuaite, séalaithe go maith le saol fada a chinntiú agus is beag airde atá de dhíth ó thaobh líonadh breise séaltáin de. Tá an ceangaltán aeir idir an mála agus an bolg beagán níos leithne ná píoba eile.

Cásanna

 

Tá éagsúlacht cásanna ar fáil le do chuid píb a choinneáil sábháilte nó a hiompar. 

Tá stór mór eolais agus nascanna idirlíon ar fáil ar na suímh seo a leanas: http://www.pipers.ie (Na Píobairí Uilleann)

agus ar shuíomh de chuid Patraick D'Arcy : http://www.uilleannobsession.com  

bottom of page